Breisoideachas
Liosta na gColáistí Breisoideachais
Coláiste Breisoideachais Dhroichead na Dothra
Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid
Coláiste na Coille Móire
Coláiste Breisoideachais Fhionnbhrú
Coláiste Naomh Caoimhín
Coláiste Dhúlaigh
Coláiste Breisoideachais Chromghlinne
Coláiste Breisoideachais Inse Chór
Coláiste Breisoideachais Íde
Coláiste Breisoideachais Chill Easra
Coláiste na Saoirsí
Coláiste Breisoideachais Marino
Coláiste Phluincéid
Coláiste Breisoideachais Ráth Maoinis
Institiúid Theicniúil na Rinne
Coláiste Breisoideachais an Phiarsaigh
Cúrsaí Breisoideachais
Ullmhaíonn cúrsaí Breisoideachais daoine chun fostaíocht a ghlacadh ag leibhéal ina mbíonn sé riachtanach eolas ar leith a bheith ag duine chomh maith le bheith ábalta réimse tascanna ar chaighdeán ard a dhéanamh. Chomh maith leis seo, tugann cúrsaí Breisoideachais an deis scileanna a fháil ina mbíonn tairbhe ar feadh an tsaoil ag baint leo.
Soláthraíonn CDVEC breis agus 300 cúrsa Breisoideachais ag Leibhéal 5/6 do dhaltaí le caighdeán Ardteistiméireachta(nó le cáilíocht choibhéiseach). Tairgeann cáiliúcháin FETAC Leibhéal 5/6 an deis bealach chun cinn a dhéanamh go staidéar tríú leibhéal. Faoi láthair coinnítear breis agus 2,000 áit Ollscoile agus Institiúide Teicneolaíochta dóibh siúd le FETAC Léibhéal 5.
Bliain nó dhá bhliain an tréimhse a bhíonn i gceist de ghnáth le cúrsaí Breisoideachais agus tairgtear teastasú FETAC d’iarrthóirí rathúla. Nuair a bhíonn sé oiriúnach, soláthraíonn CDVEC a theastasú féin agus bíonn glacadh forleathan ag fostóirí leis seo. Tá teastasú breise faighte do chúrsaí sonracha ó a lán comhlachtaí scrúdúcháin agus ó a lán comhlachtaí gairmiúla ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá sé tábhachtach do dhalta a bheadh ag rollú do chúrsa Breisoideachais ar leithseiceáil a dhéanamh le scoil nó le coláiste féachaint an bhfuil cáiliúchán FETAC ag dul leis an gcúrsa nó an sásaíonn an cúrsa na riachtanais a bhainfeadh le dul chun cinn an dalta.
Cad é FETAC?
Comhairle na gCáiliúchán Breisoideachais agus Oiliúna is ea FETAC, an foras náisiúnta cáiliúcháin do bhreisoideachas agus d’oiliúint in Éirinn. Bhunaigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta FETAC ar 11 Meitheamh 2001 mar fhoras reachtúil faoi Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999. Tuairiscíonn FETAC d’Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, an foras a dhéanann bainistíocht ar an gCreat Náisiúnta um Cháilíochtaí.
Tugann FETAC an deis do dhaoine aitheantas a bhaint amach d’fhoghlaim in ionaid oideachais agus oiliúna, san áit oibre agus sa phobal. Tá dualgas ar FETAC cáiliúcháin a chur ar fáil, cáiliúcháin a bhí faoi chúram foras mar iad seo roimhe seo: Bord Iascaigh Mhara, Fáilte Éireann, (CERT), FÁS, Comhairle Náisiúnta na gCáiliúchán Gairmoideachais(NCVA) agus Teagasc. Tairgtear cláir a bhíonn dírithe ar cháiliúcháin FETAC ar bhun náisiúnta agus tairgeann réimse leathan soláthróirí na cláir i láithreacha éagsúla. Creidiúnaíonn FETAC Cláir Bhreisoideachais agus Oiliúna agus bíonn sé leibhéal i gceist.
Cliceáil anseo chun níos mó a fháil amach faoi FETAC.
Riachtanais Iontrála agus Próiseas Roghnúcháin
Bíonn cúrsaí Breisoideachais oscailte do dhaoine le hArdteistiméireacht nó le cáilíocht choibhéiseach. Moltar go ndéanfá riachtanais iontrála cúrsaí ar leith a sheiceáil. Bíonn leibhéal bunata i mBéarla agus i Matamaitic agus/nó leibhéal bunata in ábhair scoile a bhaineann leis an gcúrsa ag teastáil ó chúrsaí áirithe. Ní mór d’iarratasóirí fillteán tionscadail a chur isteach do chúrsaí san Ealaíon agus sa Cheardaíocht agus i gcás cúrsaí áirithe sna Meáin. Bheadh ar iarratasóirí trialacha a dhéanamh i gcás cúrsaí beo-léirithe mar chuid den phróiseas roghnúchain. Bíonn cúrsaí breisoideachais oscailte do mhic léinn lánfhásta freisin ag brath ar chaighdeán na hArdteistiméireachta nó ar thaithí saoil agus oibre. Bíonn agallaimh d’áiteanna ag na cúrsaí Breisoideachais uile. Go ginearálta bíonn an t-agallamh gearr agus ní bhíonn sé ró-fhoirmiúil. Ba chóir eolas ar bith a chabhródh le d’iarratas a chur chuig comhordaitheoir an chúrsa roimh an agallamh. Tugtar deis duit labhairt fút féin ag an agallamh agus faoi cén fáth ar spéis leat an cúrsa. Is minic a bhíonn díograis agus tiomantas chomh tábhachtach le torthaí scrúdaithe.